Seachtain na Gaeilge 2017

Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge 2017 inniu (1/3/17).  Mairfidh an fhéile go dtí Lá le Pádraig.  Anseo sa scoil reachtálfar imeachtaí éagsúla chun an fhéile a chomóradh ina measc;  tráth na gceisteanna, amhránaíocht, comórtaisí filíochta, comórtaisí ealaíne agus comórtaisí scríbhneoireachta.  Beidh béim mhór ar labhairt agus úsáid na teanga le linn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge.  Chomh maith le comortaisí scoile cuirfidh na daltaí isteach ar chomórtaisí náisiúnta freisin.  Mar a deir mana 2017  ‘Bain Triail Aisti!!’.

Seachtain na Gaeilge 2017 started on the first March, 2017.  The festival will last until St. Patrick’s Day.  Here in the school, various events will be organised including quizzes, singing, poetry, art and writing competitions.  There will be a big emphasis on the spoken language as well as on the use of language during the events of the celebration.  As well as in-school competitions, students will also be entering national competitions.  As the 2017 motto says ‘Try it!!’.

seachtain-na-gaeilge-2017